Tusla - An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach - Child and Family Agency

Tusla Cairt Custaiméara

Back buttonIs í an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach an ghníomhaireacht tiomnaithe Stáit atá freagrach as folláine agus torthaí do leanaí a fheabhsú. Léiríonn sé an t-athchóiriú is cuimsithí ar chosaint leanaí, ar idirghabháil luath agus ar sheirbhísí tacaíochta teaghlaigh ar tugadh faoi in Éirinn riamh. 

Misean Tusla

“Tacú le forbairt, leas, oideachas agus cosaint leanaí agus daoine óga agus iad a chur chun cinn, feidhmiú éifeachtach teaghlach agus cúram leanúnach do dhaoine fásta a úsáideann ár seirbhísí.”
 

Fís Tusla

“Ag leanaí, daoine óga, teaghlaigh agus úsáideoirí seirbhíse aosach rochtain thráthúil agus chothrom ar sheirbhísí comhtháite a fhágann gur féidir torthaí dearfacha a bhaint amach, seirbhísí a bhfuil muinín an phobail astu, a mbraitheann an fhoireann gur tacaíocht dóibh iad agus go bhfuil iontaoibh acu iontu”

Cuireann Tusla an réimse seirbhísí seo leanas ar fáil, le tuilleadh eolais cliceáil ar ainm na seirbhíse a bhfuil suim agat ann. 

Cosaint Leanaí & Leas Cúram malartach Faisnéis agus Rianú Breithe & Uchtú Tacaíocht Teaghlaigh Rialúchán Seirbhísí do Leanaí Seirbhís Tacaíochta Oideachais Tusla (STOT)   

 

Tá Tusla tiomanta d’fhoghlaim leanúnach agus d’fheabhsú caighdeáin maidir le soláthar seirbhísí do leanaí agus do theaghlaigh, agus do sheirbhís ghairmiúil, éifeachtach agus bhéasach a sholáthar de réir na 12 Phrionsabal Threoracha na Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí (sonraí thíos) ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe – is féidir tuilleadh a léamh faoi na treoirphrionsabail anseo.

Le fáil amach cén bhaint atá ag na treoirphrionsabail seo le Tusla, cliceáil ar an bhosca a ainmníonn an treoirphrionsasbal.

Seirbhís ar Ardchaighdeán 

Comhionannas/Éagsúlacht

Rochtain Fhisiciúil

Eolas

Tráthúlacht agus Múineadh

Gearáin

Achomhairc

Comhairliúchán & Measúnú

Rogha

Comhionannas Teangacha Oifigiúla

Comhordú Níos Fearr

Custaiméirí Inmheánacha

 

Ár nGealltanais

Tá Tusla tiomanta do sheirbhísí a chur ar fáil a thacaíonn le agus a chuireann forbairt, leas, oideachas, agus cosaint leanaí agus daoine óga, féidhmiú éifeactach teaghlach agus cúram leanúnach do dhaoine fásta a úsáideann ár seirbhísí chun cinn. 

Nuair a dhéanaimid teagmháil leat, beannóidh muid go múinte duit agus caithfidh muid le múineadh agus meas leat, is cuma d’inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, d’aois, do mhíchumas, ghnéaschlaonadh, chine, chreideamh, nó d’eitneacht.


Cad is féidir leat a bheith ag súil uainn

Ag déanamh teagmháil linn

Tá sonraí teagmhála dár seirbhísí is minicí a n-iarrtar orthu ar fáil sa chuid Téigh i dTeagmháil ar ár suíomh. Léirítear sonraí teagmhála áitiúla inár n-oifigí áitiúla. 

Ag Freagairt Duit

Teagmháil trí fhón

Má chuireann tú scairt orainn:

  • freagróimid do scairteanna go pras agus go béasach. Má tá na línte gnóthacha, d’fhéadfá a bheith atreoraithe do ghlórphost. Má fhágann tú teachtaireacht, freagrófar do scairt go pras
  • cuirfidh an ball foirne iad féin agus a réimse oibre in aithne agus iad ag freagairt
  • bunaithe ar an eolas tugtha, treorófar glaoiteoirí chuig an bhall foirne nó roinn cheart
  • sa chás go bhfuil sé riachtanach glaoiteoirí a aistriú, cuirfidh an ball foirne in iúl don ghlaoiteoir cúis don aistriú agus ainm an duine nó an roinn ina n-aistreofar iad
  • beidh teachtaireachtaí glórphoist uasdátaithe mar is cuí chun infhaighteacht foirne a chur in iúl

Teagmháil scríofa

Má dhéanann tú teagmháil linn trí litir nó ríomhphost:

  • cuirfidh muid freagraí soiléire, tráthúla agus cruinne ar fáil do gach comhfhreagras a fhaighimid
  • freagróimid i ngnáth-Bhéarla/Ghaeilge ag seachaint, más féidir, úsáid téarmaí teicniúla agus béarlagair
Nuair a chuireann tú iarratas isteach orainn

Próiseálfaimid d’iarratas agus freagróimid gan mhoill thú. 

 

Cosaint Sonraí

Tá meas ag Tusla ar chearta agus saoráil an duine maidir le príobháideachas agus géilltear go hiomlán le riachtanais an Acht um Chosaint Sonraí 2018.

 

Gearáin agus Aiseolas gan Iarraidh  

Cuirimid fáilte roimh agus meas ar thuairimí, moltaí agus ráitis ár n-úsáideoirí seirbhíse, dearfach nó diúltach, ar gach gné dár seirbhísí. Cuidíonn an t-aiseolas seo linn a aithint na rudaí atá muid ag déanamh go maith agus dul i ngleic le laigí ar bith ionas go bhfuil muid in ann seirbhís de chaighdeán níos fearr a chur ar fáil duit.

Ba mhaith linn go n-inseofá dúinn má tá ráiteas, moladh nó gearán agat. Tabharfaidh cuid den suíomh Aiseolas agus Gearáin, eolas duit ar chonas aiseolas a thabhairt dúinn agus na tacaíochtaí atá ar fáil duit. 

 

Achomhairc

Scartha ó phróiseas gearáin, d’fhéadfaí achomhairc nó athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí Tusla maidir leis na rudaí seo leanas: 

  • Iarratas Scolaíocht Bhaile 
  • Measúnú Altramú 
  • Tuairisc Cigireachta – Soláthróir Luathbhlianta 
  • An Córas Fógartha um Chosaint Leanaí 
  • Iarratas Saorála Faisnéise
  • Iarratas ar Rochtain ó Ábhar Sonraí 
  • Nós Imeachta Chruthú Drochúsáid Leanaí
  • Críoch Socrúchán Altramaithe

Le heolas ar gach próiseas achomharc, téigh i dteagmháil le foireann Tusla ina raibh tú ag obair leo. 

 

Úsáideoirí Seirbhíse atá faoi Mhíchumas

Déanfaimid ár seacht ndícheall a chinntiú go bhfuil rochtain ar gach láthair dár n-áitreabh agus dár seirbhísí ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas. 

oifigigh rochtana ag Tusla chun cuidiú le daoine faoi mhíchumas atá ag baint úsáid as ár seirbhísí agus dóibh siúd atá fostaithe inár seirbhísí. 

 

Cuairteoirí ar ár n-oifigí

Má thugann tú cuairt orainn go fisiciúil: 

  • caithfidh muid go béasach agus go measúil leat i gcónaí 
  • cinnteoidh muid go bhfuil ár bhfáiltiú agus ár n-áiseanna cruinnithe inrochtana  dár n-úsáideoirí seirbhíse uile, go ngéilleann siad le caighdeáin sláinte agus sábháilteachta, agus go ndéantar cothabháil  orthu ar an chaighdeán is airde

 

Comhionannas agus Éagsúlacht 

Taispeánfaimid meas do phrionsabail chomhionannais agus éagsúlachta dár n-úsáideoirí seirbhíse i soláthar ár seirbhísí. Tá bileoga eolais ar fáil againn faoinár seirbhísí atá ar fáil i réimse teanga. 

Má tá seirbhís aistriúcháin, chomharthaíocht láimhe, nó ateangaireachta, ullmhóidh ár bhfoireann seo duit má thugann tú fógra roimh ré chugainn.

 

Acht Na dTeangacha Oifigiula 2003 agus An Ghaeilge | Official Languages Act 2003 and the Irish Language

Táimid tiomanta dár ndualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003  agus an tacht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 a chomhlíonadh agus déanfaimid ár ndícheall a chinntiú gur féidir le úsáideoirí seirbhíse ar mian leo a ngnó a dhéanamh linn trí Ghaeilge é sin a dhéanamh. Déanfar ár bhfoilseacháin, de réir mar is cuí, a tháirgeadh i nGaeilge agus i mBéarla

We are committed to meeting our obligations under the Official Languages Act 2003 and the Official Languages (Amendment) Act 2021 and will endeavour to ensure that service users who wish to conduct their business with us through Irish can do so. Our publications will, as appropriate, be produced in both Irish and English.

 

Eolas 

Suíomhanna gréasáin agus foilseacháin. Lenár liosta foilseacháin uilig a fheiceáil cliceáil anseo

  • Cuirfidh muid agus déanfaidh muid cothabháil ar ár suíomhanna gréasáin a chinntiú go bhfuil siad inrochtana go héasca, cothrom le dáta agus eolasach 
  • Táirgfidh muid foilseacháin atá soiléir, a théann i ngleic le riachtanais na n-úsáideoirí agus atá ar fáil ar ár suíomhanna gréasáin 
  • Foilseoidh muid ár sonraí Feidhmíochta agus Gníomhaíochta – cliceáil anseo ár sonraí Feidhmíochta agus Gníomhaíochta a fheiceáil

 

Rogha

Maoiníonn Tusla go leor seirbhísí chun tacaíochtaí a chur ar fáil don phobal ar ár son, 120  Ionad Acmhainní Teaghlaigh  timpeall na tíre san áireamh.

Déanfaidh muid teagmháil leat trí úsáid mhodh cumarsáide is fearr leat, ar choinníoll go bhfuil sé i gcomhréir le reachtaíocht chosaint sonraí.  

 

Comhairliúchán agus Measúnú

Forbraíodh an chairt seo i gcomhairliúchán le teaghlaigh, cúramóirí altrama, foireann ó ghníomhaireachtaí maoinithe ag Tusla, agus foireann Tusla. 

Tá Tusla tiomanta chun cumarsáid a dhéanamh le daoine a bhaineann úsáid as ár seirbhísí chun a riachtanais agus a dturas trí sheirbhísí Tusla a thuiscint. 

Téann Tusla i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus muid ag forbairt ár bPlean Corparáideach. 

 

Comhordú Níos Fearr

Déanfaidh muid ár ndícheall a chinntiú go n-oibríonn ár seirbhísí  i mbealach comhtháite. 

Beidh muid ag obair go comhoibríoch le seirbhísí eile gach iarracht a dhéanamh a chinntiú “ag leanaí, daoine óga, teaghlaigh agus úsáideoirí seirbhíse aosach rochtain thráthúil agus chothrom ar sheirbhísí comhtháite a fhágann gur féidir torthaí dearfacha a bhaint amach, seirbhísí a bhfuil muinín an phobail astu, a mbraitheann an fhoireann gur tacaíocht dóibh iad agus go bhfuil iontaoibh acu iontu.”

 

Custaiméirí Inmheánacha

Is custaiméirí inmheánacha iad ár bhfoireann. Díreoidh Tusla ar na gnéithe a chuireann le taithí dhearfach an fhostaí a chuidiú linn a bheith ag obair ar son leanaí agus teaghlach in Éirinn, Tá eolas breis d’fhoireann ar fáil ar Tusla Hub inmheánach d’fhoireann agus sa Straitéis Daoine & Athrú.

 

An dóigh gur féidir leat cuidiú linn chun cuidiú leat 

Tuigimid go bhféadfadh teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Tusla a bheith ag tarlú ag am dúshlánach i do shaol; iarraimid, áfach, más féidir: 

  • Bí in am le haghaidh coinní 
  • Inis dúinn mura bhfuil tú in ann coinne a choinneáil linn 
  • Inis dúinn faoi aon athrú maidir le seoladh, le huimhir ghutháin nó ríomhphost 
  • Abair linn roimh ré má tá seirbhís aistriúcháin, chomharthaíocht láimhe, nó ateangaireachta de dhíth ort 
  • Caith ár bhfoireann agus daoine eile atá ag baint úsáid as ár seirbhísí go béasach agus go measúil. Ní ghlacfar le hiompar atá drochídeach go fisiciúil nó go síceolaíoch nó bagrach dár bhfoireann nó do dhaoine eile atá ag baint úsáid as ár seirbhísí.

 

Pleananna Gnímh 

Is iad Pleananna Gnímh Tusla ná a Plean Corparáideach agus Plean Gnó bliantúil, atá ar fáil trí na naisc seo thíos a chliceáil:

Plean Corparáideach

Corporate Plan

Plean Gnó

Business Plan

 

Le tuilleadh eolais ar Tusla, téigh chuig ár suíomh gréasáin www.tusla.ie 

 

Forbraíodh an chairt seo i gcomhairliúchán le teaghlaigh, cúramóirí altrama, foireann ó ghníomhaireachtaí maoinithe ag Tusla, agus foireann Tusla. 

WEBSITE BY CREATIVE INC & Kooba Web Design Dublin